PDF Print E-mail

Is é Sea Safari an eachtra is taitneamhaí agus is spreagúla i mBaile Átha Cliath. Braith luas tapaidh na bád agus bain taitneamh as dúlra saibhir na háite.

Táimid ar oscailt chuile lá ó mhí Feabhra go Samhain. De ghnáth seolann na báid gach dara uair: 10am, 12pm, 2pm, 4pm agus 6pm (ag braith ar solas an lae). Moltar do shuíocháin a chur in áirithe (trí glao gutháin nó ríomhphost) mar go bhfuil móréileamh ar an eachtra; uaireanta athraítear an sceideal freisin.

Baintear leas as RIB (Rigid Inflatable Boat), a bhfuil dhá shuíocháin déag air, don turas. Maireann an turas uair agus ceathrú ar fhad. Sáitear ná báid ó Ché Theach an Chustaim i lár cathair BÁC (Custom House Quay san IFSC), agus freisin ó Mhuiríne Mullach Íde (Malahide Marina, 15 km ó thuaidh ó mBÁC; is féidir dul ann ar iarnród DART).

Téann an bád ó Ché Theach an Chustaim síos abhann na Life, trí Port BÁC, agus ar deireadh go Bá BÁC. Leanann sé ó dheas, thar Dún Laoghaire, go Oileán Dheilginse agus Bá Chill Iníon Léinín. I rith an turas is féidir rón, muc mhara agus go leor cineáil éin a fheiceáil. Filleann an turas go Cé Theach an Chustaim trí Bá BÁC

Téann an turas ó Mhuiríne Mullach Íde go dtí an t-oileán “Inis Mac Neasáin" chun cuairt a thabhairt ar an bpluais agus éin áitiúla a fheiceáil – cailleacha dubha, ogastúin agus éin dhearga ina measc. Ansin tugtar aghaidh ar Bhinn Éadair, agus cuardaítear cúpla rón ramhar i gcaladh an sráidbhaile iascaireachta. Ar deireadh, filleann an bád ar Mhuiríne Mullach Íde.

Tá breis eolas ar www.seasafari.ie.

Chun suíocháin a chur in áirithe glaoigh ar (01) 8557600 nó (01) 8061626, nó seol ríomhphost chuig This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it

Téarmaí agus Coinníollacha:

 

  • Moltar réamh-áirithint a dhéanamh.
  • Caithfear costas iomlán an ticéid a íoc roimh an turas.
  • Caithfear a bheith i láthair 15 nóiméad roimh thús an turais chun treoracha sábháilteachta a chloisteáil agus chun gléasadh in éadaí stealldhíonacha agus seaicéid tarrthála.
  • Caillfidh grúpaí a dturais má tá siad deireanach. Tá sé faoi rogha ag Sea Safari an turas a chur ar siúil ar dáta eile, nó a chur ar turas éagsúl.
  • Tá faid agus bealaí turais Sea Safari faoi réir ag coinníollacha aimsir.
  • Ní féidir ticéid a aistriú nó aisíoc a fháil air.
  • Ní chóir do daoine le fadhbanna chroíthe, fadhbanna dhromanna nó atá ag iompar páiste taisteal linn.
  • Caithfidh páistí a bheith 8 mbliana nó níos sine agus duine fásta leo. Riachtanas sábhailte dlíthiúil atá anseo.
  • Aisíocfar do thicéid go hiomlán má chuirtear an turas ar cheal de bharr droch-aimsir.
  • Beidh seaicéid tarrthála ar fáil do chustaméirí Sea Safari, agus caithfear iad a chaitheamh an t-am ar fad.
  • Ní féidir linn rathaíocht a thabhairt go bhfeicfear ainmhí nó éan áirithe.
  • Cé go bhfuil eadaí stealldhíonacha ar fáil duit, molaimid éadaí te a chaitheamh fúthú.
  • Tá árachas dliteanais tríú páirtí ag Sea Safari.
  • Tugtar giúirléidí pearsanta (ceamaraí, mar shampla) ar bhord ar do phriacal féin. Tá áit stórála sábháilte san oifig dóibh siúd nach bhfuil ag iarradh giúirléidí a bhreith leo.
  • Tá soithí Sea Safari faoi cheadúnas an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.
  • Tá gach eolas anseo ceart ag am cló, ach faoi réir athrú.
  • Caithfidh tionscnóirí turas, atá ag cur suíocháin in áirithe ar son Sea Safari, cinntiú ama agus dáta a fháil uaidh Sea Safari ROIMH chinntiú lena gcuid cliant. Níl Sea Safari freagrach as na cliaint atá ag iarraidh taisteal ach nach bhfuair an cinntiú seo.